
Is cúrsa samhraidh praiticiúil agus taitneamhach é Gaeilge: Caint, Comhrá agus Craic 2026 do mhúinteoirí ar mian leo a gcuid muiníne a fhorbairt i labhairt agus i múineadh na Gaeilge. Cuirtear an cúrsa ar fáil i dtimpeallacht chairdiúil, shuaimhneach thacúil, agus dírítear ar fheabhsú na Gaeilge labhartha laethúla chomh maith le hacmhainní praiticiúla agus samplaí ceachtanna don seomra ranga. Fillfidh rannpháirtithe ar scoil i mí Mheán Fómhair le muinín nua, fuinneamh athnuaite agus pacáiste acmhainní le tacú lena gcuid múinteoireachta.
Cuir le do mhuinín i labhairt agus i múineadh na Gaeilge le Gaeilge: Caint, Comhrá agus Craic 2026! Cúrsa samhraidh taitneamhach agus tacúil a chabhróidh leat do chuid Gaeilge labhartha a fheabhsú, smaointe praiticiúla don seomra ranga a fhiosrú, agus acmhainní úsáideacha a fháil. Fill ar scoil le fuinneamh agus muinín nua!
✨ Ar ais arís i 2026! ✨
Ar mhaith leat níos mó muiníne a bheith agat ag labhairt agus ag múineadh na Gaeilge? Tá Gaeilge: Caint, Comhrá agus Craic 2026 ar ais – cúrsa samhraidh spraíúil, tacúil a neartóidh do chuid Gaeilge agus do chleachtas sa seomra ranga.
Fill ar scoil le smaointe úra agus muinín nua!
PLEASE NOTE*
VENUE: DRUMCONDRA EDUCATION SUPPORT CENTRE
DATES: WEDNESDAY 1ST JULY 2026 - TUESDAY 7TH JULY 2026
Course Details
| Course Date | 01-07-2026 9:30 am |
| Course End Date | 07-07-2026 2:00 pm |
| Cut off date | 19-06-2026 5:00 pm |
| Capacity | 15 |
| Available place | 14 |
| Individual Price | €50.00 |
| Speaker | Sadhbh Nic Dhaibhéad |
| Number Hours | 20 hours |
| Location | Drumcondra ESC |