Skip to main content
Email: info@ecdrumcondra.ie  | Call: 00 353 1 8576400 
Please Login or Register for a new account

FORAM FEASA: Spléachadh ar Aistear Ama 3 - Leabhar staire nua sa tsraith ó Edel Ní Loinsigh

FORAM FEASA: Spléachadh ar Aistear Ama 3 - Leabhar staire nua sa tsraith ó Edel Ní Loinsigh

aistear ama 3 cover

Seo ceardlann le tacú le múinteoirí nuacháilithe bunscoile atá ag teagasc i suíomh an tumoideachais, bunscoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna.  Ag an seisiún, beidh cur i láthair 45 nóiméad ar acmhainní úsáideacha sa seomra ranga agus ansin beidh deis plé le tuairimí agus moltaí a roinnt. Beidh fáilte roimh chách! 

Torthaí foghlama 
Éireoidh le rannpháirtithe: 
  • Foghlaim faoi acmhainní bunscoile nua (Gaeilge, ábhair trí Ghaeilge) atá ar fáil ag COGG agus An Tairseach agus ag eagraíochtaí eile. 
  • Plé a dhéanamh faoi acmhainní agus modhanna teagaisc ar mian leo a chur chun cinn sa seomra ranga sa suíomh tumoideachais.
  • Acmhainní agus nodanna a bhailiú ó na rannpháirtithe eile 
  • Riachtanais a nochtadh agus lámh chúnta a lorg agus a thabhairt 
  • A bheith rannpháirteach i bpobal cleachtais ar líne go leanúnach 
Faoin gceardlann:

Tabharfar spléachadh ar na topaicí atá fé chaibidil in Aistear Ama 3 agus roinnfear PDFanna de chaibidlí samplacha. Pléifear na bileoga oibre/gnéithe de leabhar oibre atá ann mar aon leis an bhfoghlaim chomhtháite ábhair is teanga agus na hacmhainní breise a bheidh ar fáil le hAistear Ama 3 i mbliana.

Faoin éascaitheoir/údar:

Tá Edel ag obair in earnáil an Ghaeloideachais ó 2010. Is iad Stair agus Gaeilge an dá ábhar a mhúineann sí. Tá Stair agus Gaeilge na hArdteiste chomh maith le stair na tríú bliana aici i mbliana. Is Príomhoide Cúnta í freagrach as cur chun cinn na Gaeilge, fógraíocht scoile, Comhairle na nDaltaí agus an Plean Féinmheastóireacht Scoile. Thar na blianta tá FGL tugtha aici do Chumann Múinteoirí Staire Chorcaí agus do mhúinteoirí Gaeilge. Scríobh agus léirigh sí sraith físeáin staire bunaithe ar an tSraith Shóisearach do TG4. Is comhlach Staire í le hOIDE ó 2019.

Course Details

Course Date 13-02-2025 6:00 pm
Course End Date 13-02-2025 7:00 pm
Individual Price Free
Location Online Course

Course unavailable

Location Map

Contact the Centre

Drumcondra Education Support Centre,
Drumcondra,
Dublin 9,
Ireland


  • Phone:+353 (01)857 6400
  • Fax:+353 (01) 857 6499
  • Email: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.
  • GPS: 53.370412197509836, 6.254669669975328

How can I book myself on a course?

Please note it is essential to register on this website first in order to book your place on our courses.

When registering please use your personal email rather the school email.

Once registered check your email and look out for the email "Drumcondra Education Support Centre CPD Courses - Your details"

You can then login using your email address or username and password and book your course.

Search Courses

Category

User Login